Irish was never anything more than a language in school to me. Inert, a challenge I wasn't interested in.s turas é cinnte, ceann a mbím ag stracailt air i gcónaí, nach bhfuilim maith a dhóthain ó thaobh fóclóir de, ó thaobh gramadach de, ó thaobh saibhreas de. Ach tá mo chroí go hiomlán gafa leis. When it came to life inside of me, after three days of effort, las rud éigin ionam, and everything changed.

Aon rud a ndéanaim trí Bhéarla, is féidir liom é a dhéanamh trí Gaeilge chomh maith. Aon chéardlann, aon deasghnáth, aon cluiche. Mar is deis níos leithne agus níos deimhne é, daoine eile a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de, ionas go gcífidís go bhfuil an teanga beo, gur féidir linn í a úsáid gach aon lá, go bhfuil luach inti agus go bhfuil sé níos gairid dúinn ná is a cheaptar riamh.

Cén fáth?

Mar braithim, tar éis eachtra le spioradáltacht an oirthir le deich mblian anuas, nach bhfuil na freagraí ann dúinn, ach tá'd anseo, ar ár mbealach abhaile, tá na fógraí scríófa i nGaolann.

Braithim, tar éis eachtra ag fearadh 's ag staidéar cúrsaí eiceolaíochta go bhfuilimid dífréamhaithe ón domhain istigh agus amuigh, agus ar ár mbealach abhaile chugainn fhéin agus chuig saol níos inbhuanaithe, tá na fógraí scríofa i nGaolann.

Braithim, tar éis eachtra ag iarraidh mé féin a thalmhú agus a leighsiú, go bhfuil eolas sa teanga, eolas luachmhar, eolas riachtanach, na plandaí, na luibheanna, an fheamainn, módhanna feirmeoireachta, is bealach é. Bealach chun muid fhéin a mhíniú dúinn fhéin i slí níos macánta. Bealach chun tírdhreach na tíre a léamh níos fearr.

Agus braithim chomh maith, go bhfuil teachtaireacht sa teanga nach bhfuil tuiscint againn ar fós, nach bhfuilimid forbatha a dhóthain chun a thuiscint fós, nach bhfuil súile nó cluasa nó teanga, nó anam fiú, atá réidh dóibh.

Ach táimid á dúisiú chucu anois

Déanaim ceardlanna agus cainteanna Gaelach a dhíreann ar luach na teanga, aireachas, iománaoícht, fearúlacht agus fiántas.

Seo cheann acu, taifeadta i mBaile Bhúirne trí bhliain ó shin, ag Fhéile Imbolc.

Wild Irish.......

Déanaimid céardlann athfhiáiniú agus deireadh seachtaine a dhíríonn ar luach na Gaolainne a chur chun cinn tríd obair, gluaiseacht, bia, rince, ceol, iomanaoicht agus roinnt imeachtaí eile.

I ónóir é spás a choimead do dhaoine áirithe ón ghnáthshaol, ón saol gnó agus i scoileanna chun luach na nádúir, luach súgradh agus luach scilleana saoil a thaispeáint agus a bhlaiseadh trí mhean na Gaeilge.

Chomh maith leis sin, is rud ríthábhachtach é deasghnáth athrú saoil a dhéanamh le ghrúpaí áirithe, cosúil le oiche na bpoc, bunscoil a críochnú, bainis, searmainis ainmniú nó tairseach ar bith atá á thrasnú ag duine, nó ghrúpa.

Sé an príomh sprioc ná tacaíocht a thabhairt do dhaoine iad féin a chur ar bhóithrín a phaidirín.